Glacann Mícheál Ó Duibhir, Oifigeach Forbartha an Gheilleagair Dhigiteach le hÚdarás na Gaeltachta an micreafón fiontraíochta chun insint do Eunan Mac Cuinneagáin, Bainisteoir Réigiúnach WestBIC faoi na deiseanna atá ann gnó a thosnú i gceann de na 27 moil digiteach atá lonnaithe ins na ceantair Gaeltachta. Labhraíonn Mícheál faoin tallann, cothromaíocht oibre-saoil agus deiseanna chun fostaíocht a chrúthú i ngnólachtaí nuathionscanta agus i ngnólachtaí atá bunaithe cheana féin.


Fáigh eolas ar an bhealach atá Údarás na Gaeltachta ag tabhairt deiseanna do dhaoine filleadh ar an Ghaeltacht, trí leas a bhaint as na tacaíochtaí atá ar fáil sna ceantair Ghaeltachta do ghnólachtaí, d’fhiontraithe, do chian-oibrithe agus do bhaill den diaspóra.


Fágann Mícheál an príomhtheachtaireacht “Ná bíodh eagla ar bith ort cuidiú a lorg, mar tá go leor cuidiú amuigh ansin” don lucht éisteachta, agus ‘sé an chéad chéim ná éisteacht leis an bpodchraoladh seo!


Is féidir teagmháil a dhéanamh le Mícheál ag [email protected].


Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.